Tá na céadta míle teaghlach le 3 íocaíocht a fháil an tseachtain seo - luach €230 milliún san iomlán - le cuidiú le daoine ar an mbeagán atá ag streachailt leis an gcostas ard maireachtála.
Tá beartais fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys le cúnamh a thabhairt do theaghlaigh ar an imeall, do dhaoine faoi mhíchumas, do phinsinéirí agus do lucht cúraim.
As seo go ceann seachtaine sínfear €300 ina chnapshuim de liúntas breosla ag 409,000 teaghlach.
Cuirfear cnapshuim €400 de dheontas tacaíochta ar fáil do 214,000 duine a bhfuil míchumas orthu agus gheobhaidh 45,000 teaghlach atá fostaithe cnapshuim de €400 chomh maith.
Mar chuid den Bhuiséad a fógraíodh an mhí seo caite atá na beartais nua á dtabhairt isteach.
Íocfar na cnapshuimeanna le daoine an lá céanna a bhfaigheann siad íocaíocht de ghnáth agus ní bheidh gá aon iarratas sa mbreis a dhéanamh.
Tá 9 gcinn d'íocaíochtaí nua le bronnadh as seo go ceann ráithe.
Cuirfear €1.3 milliún sa mbreis ar fáil do dhaoine atá i dtuilleamaí íocaíochtaí leasa shóisialaí agus tuairiscítear go bhfuil athruithe i ndán san athbhliain le go mbeidh cúramóirí clainne i dteideal pinsean iomlán stáit.
6 chnapshuim mar sin a bheidh fanta le fáil ag daoine ón mí seo chugainn ar aghaidh.
Ina measc íocfar €400 de dheontas cúramóirí agus beidh a dhá oiread san liúntas leanaí.
Ó mhí Eanáir tiocfaidh €12 d’ardú sa tseachtain ar íocaíochtaí leasa shóisialaí.
D’fhógair an tAire Humphreys ciste €1 milliún freisin inniu le tacú le Seid Chumann na bhFear agus í in Achadh an Iúir i gCo an Chabháin.
Beidh €3,000 de dheontas ar fáil do gach cumann.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag 1900.