Tá an Rialtas tar éis plean a fhógairt do cheant eile ar chearta ginte cumhachta amach ón gcósta.

Tús na bliana a heagraíodh an chéad cheant faoinar bronnadh 4 cheadúnas, 3 cinn ar an gcósta thoir agus ceann amháin amach ó Chonamara.

Bronnadh cead ar an gcuideachta as an nGearmáin RWE agus ar a bpáirtí sa tír seo Saorgus Energy 824 MegaWatt a ghineadh i Réimse Átha Cliath ar Mhuir Éireann.

Bronnadh cead ar na Francaigh EDF i bpáirt le Fred Olsen - cuideachta as an Iorua - 1,300 MW a ghineadh soir as Cill Mhantáin.

Bronnadh cead ar na hIoruaigh Statkraft 500 MW a ghineadh amach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath.

Agus ceadaíodh 450 MW don chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo siar amach ó Charna i gCo na Gaillimhe.

Ar an gcósta ó dheas atá an ceant úr dírithe.

An tAire Comhshaoil Eamon Ryan a d'fhógair an méid sin tráthnóna san Háig san Ísiltír ag cruinniú de 9 gcinn de bhallstáit san AE faoi ghineadh fuinnimh ar muir i dtuaisceart na hEorpa as seo go 2030.

Tá rún ag Éirinn 5 GigaWatt (5,000 MW) a bheith á ghineadh ón ngaoth amach ón gcósta faoin tráth sin, agus a cheithre oiread, sin 20 GW (20,000 MW) a bheith á chruthú i 2040.

3 MW atá beartaithe a theacht ón 4 thogra atá ceadaithe, dóthain leictreachais a choinneodh 2.5 milliún teaghlach.

Mí an Mhárta na bliana seo chugainn a thosóidh an ceant nuair a fhoilseofar léarscáil de na limistéir ina mbeidh cead tuirbíní ar an bhfarraige a thógáil i dtograí a bheadh in ann 900 MW a sholáthar.

Tá sé i gceist na ceadúnais a bhronnadh idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2025.