Tá giúiré roghnaithe le tabhairt faoi chás cúirte an iománaí Kyle Hayes agus beirt eile atá ar a dtriail faoi ionsaí foréigneach a shéanann siad a rinne siad ar fhear i gclub oíche i gCathair Luimnigh 4 bliana ó shin.

Cuireadh 2 chúis i leith Kyle Hayes, buaiteoir Chraobh na hÉireann 4 huaire agus a bhfuil gradam AllStar bronnta 4 huaire air.

Bronnadh Iománaí Óg na Bliana air i 2018.

25 atá sé anois.

Kyle Hayes ag teacht os comhair cúirte tráthnóna.

Cúisíodh é i mí-ord foréigneach a tharraingt taobh istigh agus taobh amuigh de chlub oíche ICON ar Shráid Uachtarach na Danmhairge i Luimneach an 28ú Deireadh Fómhair 2019.

Tá cónaí air i mBaile Uí Aisí, Cill Díoma, Co Luimnigh.

Curtar ina leith gur ionsaigh sé Cillian McCarthy atá 24 bliain d'aois agus a bhfuil cónaí air i mBéal Átha Síomoin i gCo Luimnigh.

Tá cúis faoi mhí-ord foréigneach a tharraingt sa gclub oíche an lá céanna curtha i leith Craig Cosgrave, 24, as an nGráinseach i gCo Luimnigh.

Tá cúis faoi mhí-ord foréigneach a tharraingt taobh amuigh den chlub agus cúis faoi Cillian McCarthy a ionsaí curtha i leith Jai Chaudri, 22, as Cill Díoma i gCo Luimnigh.

Phléadáil an triúr acu neamhchiontach sna cúisimh go léir inniu os comhair an Bhreithimh Tom O’Donnell ag Cúirt Chuarda Luimnigh.

Tá giúiré seachtar fear agus cúigear ban roghnaithe agus tosófar ag éisteacht na fianaise amárach.

Dúirt an t-abhcóide John O’Sullivan thar ceann an Stáit go mairfeadh an triail seachtain nó b’fhéidir beagán lena chois.

D’inis an Breitheamh O’Donnell don ghiúiré gur dóigh go dtarraingeodh an cás áird an phobail agus threoraigh sé iad gan é a phlé le éinne.