Léiríonn taighde nua ar scaipeadh eolas míchruinn agus bréageolas airlíne in Éirinn go bhfuil tionchar na Fíordheise sa tír ag treisiú.

An eagraíocht dhomhanda ISD (Institute for Strategic Dialogue) a thug faoin staidéar a thaispeánann go bhfuil ag teipeadh ar chuideachtaí teicneolaíochta rialacháin a chur i bhfeidhm le srian a chur ar scaipeadh bhréageolas, eolas míthreorach agus ábhar a bhfuil urchóid ann.

Rinne an staidéar "Uisce faoi Thalamh: An investigation into the Online Mis- and Disinformation Ecosystem in Ireland" scagadh ar 13 milliún teachtaireacht ar an idirlíon ó 1,640 cuntas ar 12 ardán éagsúla ar feadh breis is 3 bliana, ó Eanáir 2020 go hAibreán 2023.

Léiríonn an taighde - a rinne Aoife Gallagher, Ciarán O'Connor agus Francesca Visser le tacaíocht ó Chiste Meán agus Eolais na hEorpa - go bhfuil fuadar faoin éiceachóras bréageolais.

Tá gníomhaíocht ag méadú ar gach ceann de na hardáin agus tá líon na dteachtaireachtaí agus na gcuntas atá ag scaipeadh ábhair de chuid na Fíordheise ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

As 8 gcinn den 9 n-ábhar a scrúdaíodh is ar Twitter, an t-ardán ar a dtugtar X anois, is mó agus is measa a bhí an rabharta bréag.

Tá fainic sa staidéar faoin ardán Telegram freisin "atá ag fás go leanúnach ina ionad tábhachtach d'eagrú an bhréageolais agus don chur agus cúiteamh faoi."

De réir an taighde níl ag éirí chomh héasca le lucht na mbréag ar an ardán TikTok. Tá an chuideachta sin léirítear níos scafánta ag aimsiú cuntas bréageolais agus á gcur ar fionraí. Mar sin féin, tá físeáin dá gcuid feicthe ag breis is milliún duine.

Deir an staidéar go bhfuil airgead á ghnóthú go tréan ag an dream atá sáite in éiceachóras bréageolais na hÉireann.

"Tá ideolaíocht ina bhfuil fuath nimhiúil - fearacht an Náisiúnachas Geal, Frith-Ghiúdachas, agus Fuath ar Ioslam - á scaipeadh go réidh ag grúpaí agus ag daoine aonair ar an bhFíordheis ar ardáin ar nós Telegram agus Instagram" a deir an anailís "agus tá Éireannaigh go seasta ag roinnt bréageolais ag séanadh Uile-Loscadh an Dara Cogadh Domhanda agus ag brú ábhar Naitsíoch ar ardáin ailtéarnacha ar nós Gettr agus Gab."

Deir na taighdeoirí go bhfuil dlúthcheangal idir an dream a bhíonn ag comhrá lena chéile agus gurbh cúrsaí sláinte, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí imirce in Éirinn is mó a bhíonn faoi chaibidil acu.

Ar Covid-19 is mó a díríodh áird idir 2020 agus 2021, sula dtáinig an chogaíocht san Úcráin, an imirce agus cúrsaí inscne agus gnéis an Phobail LADTA+ go barr aigne i 2022 agus tús 2023.

Is minic an comhrá airlíne ag iarraidh naimhdeas agus achrann a tharraingt sa saol mór a deir an staidéar: ag eagrú gluaiseacht in aghaidh srianta sláinte; in aghaidh imircigh; in aghaidh daoine aeracha i leabharlanna agus scoileanna agus siopaí leabhar.

Tá aighneas faoi cheist na haeráide ag borradh freisin is léir a deir na húdair.

Tá grúpaí de chuid na Fíordheise "ag fadú na tine agus ag tabhairt a deir siad faoi 'Chogadh Cultúir’ san díospóireacht faoi athrú na haeráide agus iad á gcur féin i láthair mar a bheadh ‘fíor-chosantóirí’ mhuintir na tuaithe."