Tuairiscítear gur maraíodh dháréag Palaistíneach ar a laghad agus gur leonadh na dosaein nuair a scaoil fórsaí Iosrael airtléire le hospidéal i mbaile Beit Lahia in oirthuaisceart Gaza aréir.

Tá an t-ospidéal fáinnithe ag tancanna na nIosraelach ó inné.

Deir aireacht sláinte Gaza go bhfuil thart ar 700 duine san ospidéal, idir othair agus fhoireann leighis.

Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil lucht airm Hamas i bhfolach san ospidéal agus gur orthusan a bhí an airtléire dírithe.

Tá an t-ionsaí ar an ospidéal cáinte ag ceannasaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte Tedros Adhanom Ghebreyesus agus dúirt sé gur chuir an scéal uafás air.

Tá sé á thuairisciú ag an nuacht-áisíneacht Phalaistíneach chomh maith gur maraíodh seacht nduine dhéag nuair a bhuamáil na hIosraelaigh campa teifeach Nuseirat i lár Gaza aréir.

Tuaisceart Gaza á bhuamáil i gcónaí ag na hIosraelaigh, 21 Samhain 2023

I ráiteas inné, dúirt Hamas go raibh baráiste diúracán scaoilte acu i dtreo Tel Aviv ach níl aon fhaisnéis eile ann faoi sin i láthair na huaire.

Ina ainneoin seo ar fad, dealraíonn sé go mbeidh toradh go luath ar an dianiarracht atáthar a dhéanamh le lá nó dhó sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza.

Dar le ceannasaí Hamas Ismail Haniyeh go bhfuil dul chun cinn déanta sna comhráite a bhí acu go dtí seo le hidirghabhálaithe ó Chatar.

Tá sé fós le socrú, áfach – más fíor – cén t-achar a mhairfeadh an sos comhraic, cén chaoi a dtabharfaí soláthairtí fóirithinte isteach in Gaza, agus cén uair a scaoilfí saor gialla Iosraelacha agus cimí Palaistíneacha.

Málaí plúir á ndáileadh ag na Náisiúin Aontaithe ar Phalaistínigh in Rafah, Gaza, 21 Samhain 2023

Phléigh Ismail Haniyeh an scéal i gCatar inné le huachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge Mirjana Spoljaric.

Dúirt Mirjana Spoljaric i ndiaidh an chruinnithe cé nach raibh baint dhíreach ag lucht na Croise Deirge leis an idirghabháil atá ar siúl faoi láthair go mbeadh acmhainn agus áiseanna na heagraíochta ar fáil dá mbeidís ag teastáil.

Áirítear thart ar 240 giall a bheith á gcoinneáil ag Hamas in Gaza ó thug siad ollruathar marfach faoi lonnaíochtaí i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fomhair.

Mharaigh lucht Hamas thart ar 1,200 duine sa ruathar sin agus tá 13,300 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh ó shin.

Pléifidh an Taoiseach Leo Varadkar an ghéarchéim sa Mheánoirthear le hionadaithe ó thíortha Arabacha agus ó thíortha Moslamacha eile inniu.

Beidh cruinnithe aige i mBaile Átha Cliath le hambasadóirí agus le feidhmeannaigh eile ó thíortha éagsúla agus tuigtear go ngabhfaidh sé buíochas leo as ucht a ndearna siad lena chinntiú go ligfí amach as Gaza saoránaigh de chuid na hÉireann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ