I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin trí bliana ar chóitseálaí snámha a rinne fístaifeadadh ar chailíní óga agus iad ag cur cultacha snámha orthu ina oifig agus in áiteanna eile san ionad snámha ina raibh sé ag obair.

Sin é Matthew Coward, 32 bliain d'aois, as Bóthar Sheantalaimh, Seantrabh i mBaile Átha CIiath.

Phléadáil sé ciontach i dteacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar leanaí, agus in íomhánna agus físeáin de mhí-úsáid leanaí a tháirgeadh idir Mheán Fómhair 2021 agus Mheán Fómhair 2022.

Bhí Matthew Coward ag obair mar chóitseálaí snámha do Chumann Snámha na hÉireann ar feadh beagnach ceithre bliana.

Dúirt an Breitheamh Orla Crowe go raibh sé i gceannas ar na leanaí a bhí sé a chóitseáil agus go raibh sé ina dhia beag acu.

Is ról iontaoibhe a bhí aige, a dúirt sí.

Is ceithre bliana príosúin a ghearr an Breitheamh Crowe ar Matthew Coward ach chuir sí an bhliain dheireanach ar fionraí.

Thug abhcóide Matthew Coward le fios go raibh aiféala agus doilíos ar a chliant faoina raibh déanta aige agus dúirt go raibh sé in ísle brí dá dheasca.

Dúradh sa chúirt chomh maith go raibh litreacha scríofa ag máthair agus ag bean chéile Matthew Coward agus tugadh iad ar láimh don bhreitheamh.

Tugadh tuairiscí síceolaíochta faoin gciontóir don bhreitheamh freisin.

Tháinig na coireanna chun solais nuair a d'inis duine de na cailíní dá hathair gur iarr Matthew Coward uirthi culaith shnámha speisialta a chur uirthi ina oifig.

Dúirt sí lena hathair chomh maith go raibh gléas taifeadta feicthe aici ar ríomhaire an chóitseálaí.

Fuair na Gardaí amach ina dhiaidh sin go raibh fístaifeadadh déanta ag Matthew Coward ar thriúr cailíní ina oifig agus go raibh físeáin eile déanta aige de chailíní in áiteanna eile san ionad snámha.

Is 80 físeán den sórt sin san iomlán a bhí ina sheilbh aige, a dúradh sa chúirt.

Rinne beirt de na cailíní ráitis tionchair íospartach sa chúirt an tseachtain seo caite agus thug siad cuntas ar chomh mór agus a ghoill coireanna Matthew Coward orthu.

Bhí an cailín a d'inis an scéal dá hathair ar dhuine den bheirt agus thug sí le fios gur athraigh a saol a luaithe a thuig sí cad a bhí déanta ag Matthew Coward.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTE