Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag achainí ar dhaoine vacsaíní Covid-19 agus fliú a fháil gan mhoill ar ionchas go mbeidh ráig den dá ghalar ann an geimhreadh seo.

Tá imní ar FSS nach bhfuil na vacsaíní faighte ag dóthain daoine fós.

Deirtear go bhfuil na hospidéil an-bhroidiúil cheana féin agus go leor daoine le galair riospráide ag teacht chucu, go háirithe leanaí.

Ina cheann sin, is cosúil go raibh an líon cásanna den fhliú an-ard sa leathsféar theas i gcaitheamh an gheimhridh s'acu féin i mbliana.

Daoine a bhfuil drochshláinte acu agus daoine atá ag obair san earnáil sláinte, molann FSS dóibhsean thar aon dream eile an dá vacsaín a fháil.

Ina dhiaidh sin, moltar do gach uile dhuine atá os cionn 50 bliain iad a fháil.

Is féidir an dá vacsaín a fháil ag an am céanna agus baineann sé tuairim is coicís astu dul i gcion ar dhuine.

Dúirt an Dr Éamonn O'Moore ó FSS nár chóir do dhaoine a bheith réchúiseach faoin scéal.

Cheana féin, arsa sé, agus gan an geimhreadh ach ina thús, tá daoine a bhfuil Covid-19 orthu curtha in ospidéil.

Tá cuid acu go dona tinn agus tá cuid acusan faoi dhianchúram, a dúirt sé.

Thug an Dr O'Moore le fios freisin nach raibh an vacsaín faighte ag tuairim is leath de na hothair sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ