Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ag iarraidh cead ar an gComhaireacht dlíthe cinsireachta atá seanchaite a chur ar neamhní.
Deir an tAire go bhfuil an tsochaí athraithe go mór ó tugadh na dlíthe sin isteach beagnach céad bliain ó shin.
Mar atá cúrsaí faoi láthair, is féidir leis an Stát cosc a chur nó cinsireacht a dhéanamh ar leabhair, irisí agus nuachtáin a chreidtear atá mígheanasach nó gáirsiúil, nó atá gáifeach maidir le coiriúlacht.
Bunaíodh an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán i 1930 agus áirítear cosc a bheith curtha ar os cionn 12,000 foilseachán i gcaitheamh na mblianta.
Bhí neamhrialtacht ann, áfach, sa mhéid gur tháing roinnt ábhair i nGaeilge slán ó róchúisiúlacht an chinsire.
I 1946, cuir i gcás, chuir an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán cosc ar leagan Frank O'Connor de Chúirt an Mheán Oíche ach ní dhearnadh cinsireacht riamh ar an mbunleagan Gaeilge.
Creideann an tAire McEntee go bhfuil dlíthe láidre eile ann anois le dul i ngleic le hábhar bagrach agus gránna den sórt a chraobhscaoiltear ar na saolta seo, agus is ar an mbonn sin atá sí ag lorg cead na seandlíthe a chur ar ceal.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ