I gCúirt Choiriúil Chuarda Luimnigh, cuireadh tús le triail thriúr fear atá cúisithe i gcionta éagsúla a bhaineann le heachtraí foréigin a líomhnaítear a tharla taobh istigh agus taobh amuigh de chlub oíche i Luimneach ceithre bliana bliana ó shin.

Tá an t-iománaí aitheanta Kyle Hayes, 25 bliain, as Cill Díoma, Co Luimnigh, ar dhuine den triúr.

Is iad an bheirt eile Jai Choudri, 22 bliain, as Cill Díoma agus Craig Cosgrave, 24 bliain, as an nGráinsigh i gCo Luimnigh.

Tá Kyle Hayes agus Jai Choudri cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar fhear agus i mí-ord foréigneach, agus tá Craig Cosgrave cúisithe i mí-ord foréigneach.

Tá an triúr ag pléadáil neamhchiontach sna cúisimh ar fad.

Dúradh sa chúirt inniu gur ionsaíodh fear eile – Cillian McCarthy, 24 bliain – go moch ar maidin ar an 28 Deireadh Fómhair 2019.

Mhaígh abhcóide an Stáit John O'Sullivan ina ráiteas oscailte go raibh Cillian McCarthy ag caint le beirt bhan sa chlub oíche agus gur chuir sé sin as do Kyle Hayes ar chúis éigin.

Maíodh gur thug an t-iománaí agus daoine eile fogha faoi Chillian McCarthy sa chlub oíche ar an gcéad dul síos agus ar an tsráid taobh amuigh de ina dhiaidh sin.

Dúradh go ndéarfadh beirt Ghardaí sa triail go bhfaca siad Kyle Hayes agus beirt eile ag tabhairt buillí coise agus láimhe do Chillian McCarthy agus é ina luí ar an talamh.

Dúirt an t-ionchúiseamh freisin gur theith Kyle Hayes ón láthair gur ghabh na Gardaí é go gairid i ndiaidh an ionsaithe.

Meastar go mairfidh an triail seachtain nó beagán lena chois.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ