Tá iarrachtaí ar bun ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Catar sos comhraic a eagrú idir Iosrael agus Hamas.

Idir an dá linn d'éirigh leis an eagras fóirithinte An Corrán Dearg 31 leanbh réamhaibí a thógáil amach slán inniu as Ospidéal Dar Al Shifa i gCathair Ghaza.

Páistí réamhaibí tar éis caladh a bhaint amach san Éigipt.

Tá a bhformhór tugtha faoi dheifir chun na hÉigipte le súil cóir leighis a chuir orthu gan aon mhoill eile.

Tá an t-ospidéal faoi smacht Arm Iosrael ó dheireadh na seachtaine seo caite agus deir an Roinn Sláinte i nGaza nach bhfuil aon chumhacht leictreach san ospidéal ná aon oideas leighis fanta.

Tugadh 28 páiste go dtí an Éigipt. Chuig ospidéil eile i nGaza a tugadh an triúr leanbhín eile.

Bhásaigh páistí eile réamhaibí san ospidéal le linn ionradh Iorael ar an áit an tseachtain seo caite.

Lucht leighis de chuid na hÉigipte ag feitheamh leis na leanaí beaga bídeacha.

Deir an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda (WHO) go bhfuil tuairim is 300 othar fós san ospidéal agus iad go dona tinn nó leonta go dona de bharr an chogaidh.

Tá Arm Iosrael fós ag maíomh go raibh bunáit ceannais ag Hamas i dtollán thíos faoin ospidéal, rud atá séanta arís ag Hamas.

Tá físeán foilsithe ag Iosrael ag taispeáint más fíor taifeadadh ó cheamraí slándála in Ospidéal Dar Al Shifa de dhaoine a bhí fuadaithe ag Hamas á dtabhairt tríd an ospidéal, achar gearr tar éis an ruathair armtha a rinne Hamas an mhí seo caite.

Tá ospidéal eile i dTuaisceart Ghaza faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael láthair na huaire agus tá sé ina chogadh fós idir iad agus saighdiúirí Hamas i gcampa teifeach Jabalia.

Deir an WHO agus údaráis na Palaistíne go bhfuil 12 ar a laghad curtha den tsaol ag an gcogaíocht ag Ospidéal na hIndinéise - atá maoinithe ag Rialtas na tíre sin i Jakarta sa gCianOirthear - agus go bhfuil an t-ospidéal i súil-ribe timpeallaithe ag tancanna.

Cathair Deir al-Balah i nDeisceart Ghaza tar éis ionsaí ó Arm Iosrael inniu, an 45ú lá den chogadh.

Chomh maith leis sin, tá foláireamh nua tugtha ag Arm Iosrael do na mílte sibhialtach i gcathair Khan Younis i nDeisceart Ghaza an áit a thréigeadh.

Tá na céadta míle ina gcónaí ann, an dara cathair is mó i nGaza, agus na múrtha tar éis teitheadh ann ón taobh ó thuaidh den limistéar le mí anuas, nuair a chuir an tArm fainic orthu a gcuid tithe a thréigeadh agus aghaidh a thabhairt ar "cheantair sábháilte ó dheas".

Idir an dá linn tá iarrachtaí ar bun sos comhraic a aimsiú, agus Meiriceá agus Catar i mbun cainte le Iosrael.

Tuairiscítear gur staonadh gearr cúpla lá a bheadh i gceist agus go scaoilfí saor cuid mhór den 240 duine atá á gcoinneáil ina ngialla ag Hamas.

Tá Tom Hand - fear as Baile Átha Cliath ó dhúchas, athair Emily Hand, an cailín beag 9 mbliana atá i measc na ngiall - tar éis a rá gur tromlaoi gan críoch atá á fhulaingt ag an teaghlach agus go bhfuil siad ag guí go bhfaighfidh siad ar ais ina beatha Emily bheag.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.